2025
![]() | |
Sampla de | bliain féilire, common year starting and ending on Wednesday (en) ![]() ![]() |
---|---|
Féilirí eile | |
féilire Ghréagóra | 2025 (mmxxv) |
Ioslamach | 1447 – 1448 |
Síneach | 4721 – 4722 |
Eabhrach | 5785 – 5786 |
Hiondúch | 2080 – 2081 (Vikram Samvat) 1947 – 1948 (Shaka Samvat) 5126 – 5127 (Kali Yuga) |
Peirseach | 1403 – 1404 |
Airméanach | 1474 |
Rúnach | 2275 |
Ab urbe condita | 2778 |
Catagóirí | |
Breitheanna Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
Aois | |
20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
Deich mbliana | |
1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
Bliain | |
2022 2023 2024 - 2025 - 2026 2027 2028
| |
![]() |
Is bliain choitianta í an bhliain 2025 (MMXXV).
Cúrsaí reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nollaig
[cuir in eagar | athraigh foinse]Samhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]COP30 nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025
Deireadh Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meán Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lúnasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meitheamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bealtaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aibreán
[cuir in eagar | athraigh foinse]2 Aibreán: Thug Trump "Lá na Saoirse" ar an lá, agus Cogadh trádála Trump faoi lánseol
Márta
[cuir in eagar | athraigh foinse]28 Márta: tharla crith talún deich gciliméadar faoi thalamh sa Mhaenmar.[1] => Crith talún Mhaenmar, 2025
28 Márta: thug JD Vance agus ag ball sinsireach de rialtas Donald Trump cuairt ar an nGraonlainn; bhí an turas cáinte ag polaiteoirí sa Ghraonlainn.[2][3]
20 Eanáir sna Stáit Aontaithe: bhunaigh Elon Musk An Roinn Éifeachtúlachta Rialtais
18 Márta: bhris Iosrael an sos cogaidh i nGaza => Ionsaithe Iosrael ar Gaza 2025
10 Márta: dhiúltaigh Iosrael cead isteach sa Champa Jenin.=> 40,000 duine díbeartha => Ionsaithe Iosrael ar an mBruach Thiar, 2025
I mí an Mhárta 2025, d'iarr Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Pete Hegseth, ar na Hútaithe stop a chur le hionsaithe ar na longa tráchtála' a úsáideann an Mhuir Rua. Ar an 15 Márta, scaoil fórsaí Mheiriceá diúracáin i dtreo na Hutaithe. Cúpla lá níos déanaí, i sceitheadh comhrá grúpa rialtais na Stát Aontaithe ar Signal, a tharla roimh na hionsaithe, phléigh Hegseth na pleananna. Tugadh "Signalgate" ar ar an scannal.[4][5] => Géarchéim na Mara Rua
10 Márta : polladh tancaer breosla nuair a bhuail lastlong fúithi amach ó inbhear Humber => Imbhualadh sa Mhuir Thuaidh, 2025
3/4 Márta: chuir na Stáit Aontaithe stop leis an gcúnamh míleata don Úcráin, chun brú a chur ar an Úcráin dul i mbun cainteanna síochána leis an Rúis.[6]
Feabhra
[cuir in eagar | athraigh foinse]28 Feabhra: bhí cruinniú teasaí go maith ag Zelensky, Vance agus Trump sa Teach Bán.[7] => cainteanna síochána
27 Feabhra: d'eitil Andrew agus Tristan Tate go dtí Fort Lauderdale; chuir Rialtas Trump brú ar Rialtas na Rómáine chun na deartháireacha a ligeadh amach.[8]
24 Feabhra: díbríodh Lynn Boylan, feisire Eorpach, as Iosrael. Ghlac na hIosraelaigh grianghraif di agus d'fhoilsigh siad iad ar na meáin shóisialta. Sárú ar shonraí pearsanta daoine ba ea é sin
23 Feabhra: Olltoghchán na Gearmáine 2025
20 Feabhra: ciontaíodh Luis Rubiales i bpóg a thabhairt don imreoir sacair Jenni Hermoso in aghaidh a tola.
19 Feabhra: chuir Trump an milleán faoi ionradh na Rúise ar an Úcrain... ar an Úcráin[9] agus bhí neamhshuim déanta ag Trump de chlamhsán Uachtarán na hÚcráine Zelensky. D'fhreagair Zelensky agus dúirt sé go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis. D'aisfhreagair Trump agus dúirt seisean gur "deachtóir" ab ea Zelensky nár ghair olltoghchán san Úcráin in 2024 (le linn an chogaidh, rud a bhí dodhéanta).[10][11]
18 Feabhra: reáchtáladh cainteanna síochána idir Meiriceá agus an Rúis san Araib Shádach faoi dheireadh a chur leis an gcogaíocht san Úcráin.
14 Feabhra: dúirt Leas Uachtarán Mheiriceá J.D. Vance ag Comhdháil Slándála München go raibh "sirriam nua sa bhaile" (agus é ag tagairt d’Uachtarán Mheiriceá).[12][13]
12 Feabhra: chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Trump alltacht ar cheannairí na hEorpa nuair a d’fhógair sé go raibh comhrá aige le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin faoi chás na hÚcráine gan dul i dteagmháil leo.[14]
4 Feabhra sa tSualainn: lámhachadh agus maraíodh deichniúr in ionad oideachais do dhaoine fásta Ionsaí
4 Feabhra: mhol Donald Trump an pobal Palaistíneach a dhíbirt as Gaza go buan, agus. "Riviera an Mheánoirthir" a dhéanamh de.
Rinne Trump agus Elon Musk iarracht áisíneachtaí de chuid na Stát Aontaithe a dhúnadh nó a laghdú. Mar shampla, bhí sé i gceist ag Trump deireadh a chur leis an áisíneacht stáit USAID, a riarann cláracha daonchabhrach ar fud an domhain ar shon na Stáit Aontaithe.[15]
Eanáir
[cuir in eagar | athraigh foinse]24 Eanáir: Bhuail Stoirm Éowyn Éire agus an Bhreatain, "stoirm ghéar gan chuimse", ar cheann de na stoirmeacha ab fhíochmhaire a bhuail Éire riamh.[16]
23 Eanáir: fuair Micheál Martin séala a oifige ó Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins tar éis don 34ú Dáil vótáil i bhfabhar é a cheapadh ina Thaoiseach don dara uair.
20 Eanáir: Insealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair
Fuarthas Donald Trump ciontach in 2024 sa chás gur cheil sé suas le $130,000 d'íocaíocht le Stormy Daniels. Ar an 10 Eanáir 2025, scaoileadh Trump gan choinníoll ó tharla, a dúirt an breitheamh 'go bhfuil Donald Trump le hinsealbhú ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe'.[17]
Bhris ráig den ghalar crúibe is béil amach sa Ghearmáin, an chéad uair a haimsíodh an galar sa Ghearmáin ó na 1980idí.
15 Eanáir: bhí margadh faoi shos cogaidh déanta ag Iosrael agus Hamas i nGaza. Aistríodh trúpaí Iosrael, nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, go dtí an Bruach Thiar agus bhí an foréigean géaraithe go tréan ann.
Bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain le linn 2024-2025. Ar an 10 Eanáir 2025, dúirt an tseirbhís Copernicus gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[18] => Aimsir na bliana 2025.
Bhris falscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, Ba mhillteanach an tubaiste é.[19]
I mí Eanáir 2025, bhris ráig den ghalar crúibe is béil amach sa Ghearmáin, go háirithe i gceantair cóngarach don phríomh-chathair Beirlín.
D'éirigh an Ghraonlainn ina cnámh spairne idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Thug Donald Trump le fios gur mian leis seilbh a fháil ar an nGraonlainn agus ar Chanáil Phanama.
7 Eanáir: Tharla crith talún sa Tibéid, gar don teorainn le Neipeal.
6 Eanáir: D'éirigh Justin Trudeau, príomh-aire Cheanada, as.
1 Eanáir: Maraíodh 14 agus gortaíodh tríocha duine eile in ionsaí trucailín i New Orleans ar Lá Caille. Iarshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea an sceimhlitheoir. Cúpla uair níos déanaí, phléasc trucailín Tesla roimh an Óstán Trump i Las Vegas; thug saighdiúir na Stát Aontaithe eile lámh ina bhás féin agus neamhord struis iarthrámaigh air.
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Gaeil a fuair bás in 2025: Pádraig Ó Snodaigh (Coiscéim) ar an 2 Eanáir.
- agus Eddie Jordan, fiontraí, Henry Kelly, craoltóir, Pat Ingoldsby, file agus craoltóir, Eleanor Maguire, néareolaí,
- thar lear, Jean-Marie Le Pen (pobalóir Francach) ar an 7 Eanáir; an t-aisteoir Meiriceánach Gene Hackman, roimh an 18 Feabhra 2025 (bhí Alzheimer air agus fuair sé bás nádúrtha ina aonar), Roberta Flack, amhránaí,
Duaiseanna Nobel
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mandalay" (as en) (2025-03-28). Wikipedia.
- ↑ RnaG (2025-03-24). "Tús Áite: An Ghraonlainn" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-29). "Vance cáinte sa Danmhairg" (as ga-IE).
- ↑ Peter Beaumont (2025-03-26). "Signal leak revelations expose US officials’ lies about what was shared" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ "United States government group chat leak" (as en) (2025-03-29). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-04). "Stop curtha ag Trump le cúnamh míleata don Úcráin faoi láthair" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-28). ""Níor chóir géilleadh don Rúis", a dúirt Zelensky le Trump inniu" (as ga-IE).
- ↑ Jon Henley, Emine Sinmaz, Richard Luscombe (2025-02-27). "Andrew Tate and brother land in US from Romania after travel ban lifted" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-02-27.
- ↑ Cinnte bréag de chuid Trump a bhí ann; rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022 agus maraíodh na céadta míle duine – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta, 2022-2025.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-19). "File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (19 Feabhra 2025). "‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-19.
- ↑ "2025 JD Vance speech at the Munich Security Conference" (as en) (2025-02-17). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RnaG (14 Feabhra 2025). "Tús Áite: Comhdháil Slándála Munich le John Maguire" (as ga-IE).
- ↑ Kaitlan Collins, Kevin Liptak (2025-02-12). "After Putin call, Trump says negotiations to end Ukraine war will start ‘immediately’ | CNN Politics" (en). CNN. Dáta rochtana: 2025-02-17.
- ↑ "Cúlghairm déanta ag Trump ar chead slándála Joe Biden" (as ga) (2025-02-08).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "'Stoirm ghéar gan chuimse'-BSL" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "Píonós gearrtha ar an Uachtarán Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.