Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Baile

Bíodh ról níos mó agat i gceapadh na mbeartas a imríonn tionchar ar do shaol. Is deis ar leith duitse an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun cuidiú a thabhairt an tAontas Eorpach a mhúnlú trí thathant ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cé na bearta is gá a dhéanamh. Féach conas a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, céim ar chéim

Má smaoiníonn tú ar thionscnamh a thosú, téigh i gcomhairle le Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun comhairle dlí agus phraiticiúil a fháil.

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: Do cheart mar shaoránach den Aontas Eorpach

An scéala is déanaí

An image of a badge with "1M" in it
  • 04/03/2025
An 11ú tionscnamh bailí dar teideal ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ curtha faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú

Fuair an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ 1,269,351 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe ó shaoránaigh an Aontais agus shroich sé an líon íosta in 8 dtír. Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 4 Márta 2025, rud a fhágann gurb é an 11ú tionscnamh bailí é a bheidh le scrúdú ag an gCoimisiún. 

Iarrtar leis an tionscnamh go dtabharfaí aird ar leith i mbeartas comhtháthaithe an Aontais ar réigiúin a bhfuil saintréithe acu atá éagsúil le saintréithe na réigiún máguaird.

Tá go dtí an 4 Meán Fómhair 2025 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann dóibh. Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin.

image including the title and date of the webinar
  • 07/02/2025
25 February 2025: ECI Forum webinar on 'Understanding Campaign Structures for Effective European Citizens’ Initiative'
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

In this 1-hour webinar, hosted by the ECI Forum, participants can learn about the different campaigning structures for ECIs, from centralised teams to coalition-based approaches. Join the experts and organisers of ongoing ECIs to learn how to optimise your initiative’s results.

Tuesday, 25 February 2025, 12.30 - 1.30 p.m.

Webinar held in English.

screenshot of the Forum website
  • 23/01/2025
Tá suíomh gréasáin athchóirithe Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh beo anois

Rinneadh athstruchtúrú ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun freastal níos fearr ar riachtanais eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ag gach céim den phróiseas - óna dtionscnamh a ullmhú le haghaidh clárúcháin go céimeanna an fhíoraithe agus an scrúdaithe. Leis an leagan feabhsaithe d’Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, éascaítear rochtain na n-úsáideoirí ar threoir théamach, ar scéalta ratha agus ar chomhairle ó shaineolaithe. Caith súil air!

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?